Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Páistí sgoile S.N. Srátha Mhóir do chur le chéile ó bunadh na h-áite.

    1) Pos bean as Gleann- Doimhin agus posfaidh tú Gleann-Doimhin ar fad.
    2) Is furust fuineadh in-aice mine.
    3) An té nach truagh leis do chás, ná déan do ghearán leis.

    4) Sgéal mór fada binn, is maith an t-áran leis an t-im Sgéal eile beag gan suim, chuaid an t-im go Leitir-Cheanainn.

    5) Na trí rudaí is gránda
    Madadh feanntach carrach
    Sean-bhean gan fuil gan feóil
    Bean óg bhradach mhí-náireach.

    6) Súil le cúituighadh a mhilleas a cearrbhach.

    7) An té nach gcuireann san Earrach cha bhaineann sé s'an fhoghmhar.

    8) Bhíonn blás ar an bheagan.
    9) Chá gcuireann maise an póta ar ghuil.
    10) Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb.

    11) Múna bhfuil agat acht boch gabhair bhí i lár an aonaigh leis.

    12) I bhfátha leis féin a gnidheas an cat crónan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge