Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go rabh sioc trom ar an loch agus go rabh protustúnach ag dul trasna ar a dhá chois agus é ag deánamh brablachas fa'n dóigh a dtiocfadh leisean a dhul trasna gan átha ar bith agus go rabh átha de dhith ar Naomh Colm Cille. Bhí cara eile leis ach níor dhúbhairt seisean dadaí. Le linn bhris an sioc agus síos leis an fear abhí ag deánamh an brablachas. Níor fhacthas níos mó é.
10. Dubhairt Colm Cille nach mbéadh ach aon tóit amháin i nGleann Doimhin annseo go fóill. - (Tá seo imbéal gach duine san áit seo)
Cré bán iseadh é seo. Deirtear go dtug Colm Cille an rún do theaglach darbh ainm Friel an áit le ná fhághail. Ní féidir le duine ar bith é a fhághail ó shoin ach daoine do'n ainm sin. Níor leag siad amach an rún ariamh.Tá do bhuaidh ag an chré seo nach (1) ndóighfaidhe rud ar bith i dteach nó in-áit ar bith abhfuil sé (2) nach dtarlóchthaoí taisme do dhuine ar bith abhfuil an chré ar iomchar aige. Caithfidh tú Paidear agus cúig Abhe Maria a rádh ar son an t-é a thóg é agus Paidear(leanann ar an chéad leathanach eile)