Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 47
- XML “Loch Dearg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Gráinne Bean Eadmhon 'ac Suibhne , Gleann-Doimhin, Mín-an-Lábain, a d'innis an sgéal seo. (Aois 88)
Sí Brighd Ní Ghaodhchain do sgríobh síos é.**********************************************************
I bhfadh o shoin nuair a bhí na Fianna i n-Éirinn, bhí siad amuigh ag seilg ar sleibthe Thír Conaill. Tháinigh siad trasna ar cnámh mhór. Thoisigh siad uilig ag dearcadh caid é'n seórt cnámh a bhí ann. Bhí poll beag air agus d'amharc Goll Mac Móirne fríd an pholl seo. Chonnaic sé rud beag mar bheadh peist beag istoigh ann.D'innis sé seo do Fionn Mach Cumhail. Rinne Fionn fíos agus dubhairt sé da bhfuigheadh an bheatac seo a shait uisge gurbh é an beatach a ba mhó in Eirinn. Ní thabhairfeadh duine ar bith de na Fianna leobhtha é acht dubhairt Goll Mac Móirne go dtabhairfeadh seisean leis é. Nuair a bhí siad ag dul na bhaile, tháinig siad fhad leis ar loch ar a dtugtar Loch Dearg anois. Caith Goll Mac Móirne an cnámh isteach 'san loch. Thoisigh an beatach ag éirighe níos mó, go dtí go rabh sé comh mór, nach rabh uisge na locha in-innibh é a cumhdach.Nuair a tharraingheochadh sé anal, bhí sé in-innibh rúd ar bith a tiocfadh fá mhíle de a tharraingt cúige. Nuair a tháinigh Naomh Padraig (sin d'imthig) go h-Éirinn bhí sé ag dul fríd Tír Connaill d'innseadh do fa dtaobh de'n bheatach seo. Nuair a cualaidh Naomh Padruig sin dimthig sé go bruach na locha agus thoisigh sé ag guidhe. Thoisigh an bheatach ag teacht níos comgaraigh cuíge go dtí go rabh sé abhalta a claidheamh a leagaint air. Shaith sé an claidheamh ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Ghaodhchain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Eadhmon 'Ac Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall