Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 246
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cómhgarach do'n áit a rabh sé.
Chuir sé thart a lámh, agus fuair sé greim ar an raca. Bhuail sé buille ar an ghearfhaidh, ach shuidhe sé san áit a rabh sé. Bhuail sé buille éile air, agus rinn[e] sé smidirení de'n raca, ach shuidhe an gearfaidh ag amharc air.
D'imthigh an fear leis na bhaile agus d'fag sé an gearfhaidh san áit a rabh sé. - Sgéal.
Posadh fear aon uair amhain agus nuair a bhí sé tamall posta d'éirigh a bhean fallsa. Trathnona amhain tháinig an fear isteach agus bhí sé fliuch g[o] croiceann. Bhí a bhean i-na suidhe ag an teineadh. "Gabh amach agus tabhair isteach bucoid uisge damh" tá tú fliuch ar sgór ar bith ars an bhean.
Chuaidh an fear amach agus thug sé isteach bucoi[d] uisge agus chaith sé é ar an bhean.
Anois ars an fear. "gabh amach tú fein tá tú fliuch ar sgor ar bith."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padruig Mac Daibheid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Crosóga, Co. Dhún na nGall