Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0187
  3. XML “Mo Cheantar Féin - Móinteach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé Móinteach mo cheanntar féin, Tá naoi dtighthe déag ann. Is tighthe cinn tuighe iad ar fad. Ní cuimhneach liom-sa nuair a déanadh aon cheann aca acht is cuimhneach le mo mhátahir é. Bhí go leor daoine ann fadó thar mar atá anois. Is cuimhneach lem mháthair nuair a bhí leath-chéad teach ann. Tá go leor sean-bhallaí le feiceáil ann fós. Dubhgáin an sloinne is mó atá ann. Tá go leor ainmneacha ar an talamh atá thart ar an mbaile. Ní h-é an teach céadna a bhfuil mo mháthair ann anois ann agus in-a raibh sí fadó.
    Tá lorg ann in-áit a raibh sgoil ann fado agus bhíodh cuid de na sean-daoine ag dul ar sgoil ann agus tá cuid aca beó fós dá raibh ag dul ar sgoil ann. Tá naonbhar sean-duine ann atá ós cionn seachtaughadh bliadhan. Tá gach uile duine aca indon sgéalta Gaedhilge d'innseacht.
    Tá sean-bhallaí le feiceáil ann i n-áit a raibhbráithre i n-a gcomhnuidhe ann agus tá daoine dhá gcur ann anois agus sé an t-ainm air "an lisín". Bhíodh bóithrín amach go dtí an Cluain ag na bráithribh le earrasibh athabhairt isteach ann is amach as. Deirtear nuair a bhí siad ag dul ghá fhágáil go raibh an oireadh sin bráithre ann agus go raibh ó cheann an lisín go ceann Chnocháin Lorgan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann