Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0242
  3. XML “Cluiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor cluichthe ag na daoine thart annseo. Imrigheann na daoine cluichthe thart ar an teine san oidhche.
    Gheobhadh duine cloch bheag agus do thiubhradh sé do'n duine ba ghoire dó í agus déarfadh sé "Seo dhuit mo ghaidrimín dearg". "Tabhair dhom gan gáiridh é" a déarfadh an duine eile leis. "Pruit, tuige nach dtiubhrainn" a déarfadh an chéad trí huaire. Dá dtosnóchadh sé an gáiridhe agus é dhá rádh cuirfidhe rugha air.
    Tá cluiche eile aca agus d'fhéadfadh méid ar bith daoine a h-imirt. Bheadh máighistear ann agus bata mór aige agus dá ndéanfadh ceachtar de na daoinibh an rud mí-cheart cuirfeadh sé a chos suas ar a ghlúín agus buailfeadh sé buille ar bharr a bhróige. Bheadh ponginn, dhá phinginn, trí pingne mar sin suas go sgilling mar ainmneacha ortha. Dhearfeadh an máighistear "Cé tá ag díol coirce annseo" Dheirfeadh duine aca "Tá buachaill pinginn dá dhíol" nó cér bith ainm a bheadh air. Dheirfeadh sé a ainm agus dhéarfadh an máighistir é agus déarfadh an duine "Sir". Dá ndéanfadh sé mí-cheart é gheobhadh sé buille ar bharr na bróige. D'imrigheadh na daoine go leor cluichthe ag tóramh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraig Ó Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Flaithbheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann