Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0200
  3. XML “An Doineann”
  4. XML “An Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí doineann againn ar feadh cúpla seachtmhaine. Bhí stoirm agus báisteach agus sioc ann. Bíonn stoirm againn go minic san nGeimhreadh. Bíónn tóirneach agus teinntreach again go minic san Samhradh. Déanann an teinntreach go leor díoghbhála ar na feilméaraibh. Marbhuighean sí na h-ainmhidhthe.
    Chual mé m'athair ag rádh go raibh fear amháin ar an móin ag foghailéareacht le gunna agus thosuigh sé ag tóirneach agus bhriseadh an gunna i lámh an duine acht níor éirigh aon cheo d'on fhear buidheachas le Dia. Mar dubhairt m'athair, is dócha go ndubhairt sé a chuid paidreacha ag dul amach dó an mhaidin sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
  2. San mbliadhain 1839 bhí stoirm an-mhór ann. Leag sí tighthe agus crainnte agus claidheacha. Tugtar doineann ar droch-aimsir agus soineann ar aimir bhreagh. Deirtear go mbíonn an cat ag sgriobhadh coise an bhuird nuair a bhíos stoirm ag teacht. Nuair a chítear dath an runnaigh ar an spéir deirtear nach mbeadh sé tirim acht dhá uair déag. Tá sean-fhocal ag baint leis an droch-aimsir - Idir Nodlag agus Féil Bhrighde feanntar na caoirigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.