Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0243
  3. XML “Cluiche”
  4. XML “Cluiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodh píópaí aca fadó ag an toramh le gail a thabhairt do ghach duine ionnuis go n-abróchadh siad "Beannacht Dé le h-anam do mharbh". Nuair a bhíodh gail faighte ag chuileduine tosuighidís ag caitheamh na bpíopaí le n-a chéile agus dá bhfuigheadh duine buille sa tsúil ghortóchadh sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíodh go leor spóirt ag na daoine fadó ag imirt meirlíní. D'fhéadfadh go leor daoine a bheith ag imirt le chéile. Chuireadh duine aca a thrí nó a cheathair de mheirlíníbh i bhfáinne ar an talamh. Bhíódh meirlín ag gach duine agus an t-é a scaradh na meilíní as an bhfáinne bhíodh siad aige. Bhíodh cúpla pinghinn curtha síos ag gach duine go mbuailfeadh sé féin na meirlíní agus an t-é a ghnóthuigheadh gheibheadh sé an t-airgead.
    Bhíodh go leor cluichthe ag na daoine ar Oidhche Shamhna. Ceanglaidheadh dione de mhuinntir an tighe ubhall de raite. Annsin bhíodh gach duine ag léimnigh ag iarraidh breith ar an ubhall i n-a bhéal. Bhíódh tobán uisge aca i lár an urláir agus bhíodh ubhall shíós ann agus gach duine ag tomadh a chinn san uisge leis an ubhall do thógáil i n-a bhéal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maoilsheachlann Ó Nuadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe