Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgilling agus bhí sé ag teacht suas go h-am dinnéara nuair a casadh an tríomhadh fear bocht air ag iarraidh déirce. Dubhairt an saighdiúir nach raibh aige acht sgilling agus go raibh sé aige le n-a dhinnéar a fhághail go fóill as acht d'iarr sé air a theacht leis 'un t-siopa agus go roinnfeadh siad an biadh. Rinneadar amhlaidh agus d'ith siad a sáith. "Anois" arsan fear bocht "an bhfuil aithne agat orm-sa?" Dubhairt an saighdiúir nach raibh. "Bheul" arsan fear bocht, "is mise Naomh Peadar agus ó tharla go bhfuil tú ag gabháil 'un siubhal tá sé chomh maith agam-sa bheith leat".
Shiubhail an bheirt leobhtha go dtí go raibh siad ag gabháil thart le teach a chuala siad caoineadh thruaighmhéileach ag teacht as. Isteach leo agus bhí bean in a suidhe sa chlúid ag caoineadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Inscne
- Baineann