Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “An Breac Óg Breá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i dtobar na h-íocshláinte, ag féachaint an gcaillfaidh an sean-mháthair a bhí i n-a mnaoi sa'n oidhche, agus i n-a cráin sa ló.
    Tháinig an sean-fhear glic, isteach lá, agus d'fhiafruigh an bhreac óg bhréagh de'n sean-fhear cé'n chaoi a ndéanfhadh sí maith dhóibh.
    "Déan trí léine de na ceannamháin bhána atá ag fás ar chúl an tighe, agus ná innis dho dhuine ar bith, cé dhó a bfhuil tú dhá dhéanamh," arsa an sean-fhear glic.
    Fuair an leas-mháthair fios ar an sgéal seo, agus bhí an-olc uirthi, chuir sí fios air na pólidhe, acht níor leig an bhreac óg bhreágh uirthi féin go raibh sí ag déanamh tada.
    Bhí na léinteacha déanta anois aice, acht píosa de'n mhuithchille, agus ní túisge a bhí sé déanta, ná léim na dearbhráthaireacha, suas i n-a bhfir, agus bhí an-athas air an mbreac óg bhréagh, agus do cailleadh an sean-mháthair annsin, agus d'innis na dearbhráthaireacha do'n bhreac óg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0451: The Maiden Who Seeks her Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    9
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Bhreathnuighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    59