Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 013
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó, agus bhí (ca) ceathar mac aige, agus thóig sé iad nó go raibh an mac ba óige bliadhain is fichead. Nuair a bhí, dhubairt sé leó go raibh sé i n-am aca a dhul ag saothrú dóibh féin. Ghlach siad buidheachas leis agus d'imthigh leó, agus bhíodar ag imtheacht leó go dtáinic siad go dtí ceann cheithre bhóithrí. D'imthigh gach duine aca i mbhóthar dhó fhéin, agus dubairt siad féin lé na chéile go gcasfaoí iad lé chéile ag ceann na cheithre bhóithrí i gceann lá agus bliadhain. Bhí an mac ba sine ag imtheacht go casadh faoiléara leis agus d'fiafruigh sé dhó gur ag cuartú máighistir a bhí sé. Shocruigh sé leis go cheann lá agus bliadhain, agus théis lá agus bliadhain ní raibh aon airgead aige le tabhairt dhó, agus dubairt sé leis go dtiubharfadh sé guna dó agus nach mbheadh aon fhaoiléara sa domhan cho maith leis. Bhí an dara mach ag imtheacht agus ba geárr a chuaidh sé go bhfaca sé fear ag breathnú thríd ghloine, agus chuaidh sé go dtí é. D'fiafruigh an fear dhó céard a bhí ag iarraidh, agus dubairt sé leis gur ag cuartú máighistir a bhí sé, agus dubhairt sé gur theastuigh a leitheid uaidh fhéin, acht nach raibh aon [!] aige le tabhairt dhó, acht go dtiubharfadh sé an ghloine dhó, agus nach bhfuil aon rud as cíonn talamh [!] faoí thalamh na bhfeicfeadh sé. Bhí an tríomhadh mach ag imtheacht go bhfaca sé tailliúr in-a shuidhe ar leath-taobh an bhóthair, ag déanamh báinín, d'fiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé gur raibh sé ag cuartú mhaighistir, agus dubairt sé gur raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe