School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 013
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear ann fadó, agus bhí (ca) ceathar mac aige, agus thóig sé iad nó go raibh an mac ba óige bliadhain is fichead. Nuair a bhí, dhubairt sé leó go raibh sé i n-am aca a dhul ag saothrú dóibh féin. Ghlach siad buidheachas leis agus d'imthigh leó, agus bhíodar ag imtheacht leó go dtáinic siad go dtí ceann cheithre bhóithrí. D'imthigh gach duine aca i mbhóthar dhó fhéin, agus dubairt siad féin lé na chéile go gcasfaoí iad lé chéile ag ceann na cheithre bhóithrí i gceann lá agus bliadhain. Bhí an mac ba sine ag imtheacht go casadh faoiléara leis agus d'fiafruigh sé dhó gur ag cuartú máighistir a bhí sé. Shocruigh sé leis go cheann lá agus bliadhain, agus théis lá agus bliadhain ní raibh aon airgead aige le tabhairt dhó, agus dubairt sé leis go dtiubharfadh sé guna dó agus nach mbheadh aon fhaoiléara sa domhan cho maith leis. Bhí an dara mach ag imtheacht agus ba geárr a chuaidh sé go bhfaca sé fear ag breathnú thríd ghloine, agus chuaidh sé go dtí é. D'fiafruigh an fear dhó céard a bhí ag iarraidh, agus dubairt sé leis gur ag cuartú máighistir a bhí sé, agus dubhairt sé gur theastuigh a leitheid uaidh fhéin, acht nach raibh aon [!] aige le tabhairt dhó, acht go dtiubharfadh sé an ghloine dhó, agus nach bhfuil aon rud as cíonn talamh [!] faoí thalamh na bhfeicfeadh sé. Bhí an tríomhadh mach ag imtheacht go bhfaca sé tailliúr in-a shuidhe ar leath-taobh an bhóthair, ag déanamh báinín, d'fiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé gur raibh sé ag cuartú mhaighistir, agus dubairt sé gur raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    AT0654: The Three Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway