Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 044
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Ní mórán amhrán faoí dhaoine nó áiteacha ag daoine na h-áite seo, acht seo cuid de na giotaíbh atá acu”
Le go dtuigfeadh an léoightheór céard tá siad faoí ní mór an sgéal a innseacht.
Seo é an céad ceann is a sgéil:
Fadó bhí na daoine timcheall faoí an áit seo ag troid faoi phíosa portaigh. “Móin Clamair,” atá air ó shoin mar gheall ar sin. Seo é an t-amhrán a rinne fear fúthab:
“Sé Aindriú Ruadh do chuireas muid ar siubhal. É féin is Seán Seoighe tá thiar ins a’ móin.
Agus deamhan cúig nóimeád go mbeidh sé sa Tuam, is fágaidh an críorach mar tá sé.
Saoghal fada ag Concannon, go mairfidh sé i bhfad, ‘sé socruigh an teorann san áit a bhí ceart, Idir ‘Cé Mhailín, is “Baile Cunob.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Inscne
- Ní fios
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe