Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cill A Clogáin ainm an bhaile go bhfuil cómhnuidhe orm-sa. I bParróiste Mhaghcuilinn atá sí suidhte agus do féin mo thuaraim-se tá sí i mbarúntacht Mhághcuilinn freisin. Níl i gCill a` Clogáin anois ach aon teach amháin- an teach s`aiginne; ach ní mar sin a bhí sé fadó. Trí sgór bliadháin ó shoin bhí trí cinn déag ann agus mar tineóntaí de sheana-bheanín agus sé an t-ainm a bhí uirthi ná "Maimín Muiréis". Cineál bean talmhan nó "Landlady" mar a deirtear, a bhí innti suíd. Bhí cómhnuidhe aice i dteach beag in aice na háite. Ach ar leanamhaint leis an sgéil bhí díon tuighe ar gach ceann díobh agus an ceann atá indiu ann tá díon tuighe uirthi. Mar a dubhairt mé cheana níl anois ach teach amháín ins an mbaile seo agus ar an ádhbhar sin ní féidir a bheith ann ach an sloinneadh amháin. Ach nuair a bhí na tíghthe go líonmhar ann `sé "Loideán" nó "Liodán" an sloinneadh is coitchianta a bhí ann. Is ionann Cill agus séipéal agus is ionann clogán agus clog beag. Adeirtear go raibh cill ins an mbaile seo fadó agus is dócha go raibh freisin mar tá reilg bheag ins an mbaile go dtí an lá atá indiu ann. Tá sgéal beag ag muinntir Cill Á Clogáin agus tagann rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Aodh Ó Maidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Maidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe