Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 017
- XML “Seanchas Stairiúil”
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Marbhuigheadh Maor sa troid agus cuireadh í ar pháirc an áir. Chuir Diarmuid carn ós a cionn agus tugtar “Teaichín Mhaoir” ar an charn ó shoin.
Ón gceanntar seo do Bheartlaí Ó Maidín. Bhí seisean i luimnigh nuair a deineadh an connradh ann sa mbliadhain 1691. D’imthigh sé go dtí an Fhrainnc leis na “Géanna Fiadháine agus as sin go dtí Buda Pest. Bí clú agus cáil air sa mhór –roinn. I gceann suim blianta thainig sé féin agus fear darbh ainm Ghamhnán abhaile go h-Éirinn. Chuireadar fútha ins ann cheanntar seo. Athair mór mo shean-athair a bhí i mBeartlaí Ó Maidín. Is ó’n bheirt fhear sin a shíolruigh muinntear Maidín agus muintir Gamhnán atá ins a’ cheanntar seo anois.
Tar éis catha Eachdruime bhí ar na h-Éireannaigh sgaipithe. Tháinig duine darbh ainm Mac Donnchadha go dtí an ceanntar seo. Gabha an-mhaith a bhí ann. Chuir sé faoi i dTulach Aoidheáin áit a raibh ceardtha aige. “Ard na Ceardthain” a thugtar ar an áit ó shoin.
Aodh Ó Maidín
Cill a’ Chlogáin
‘Sé m’athair, Tadhg Ó Maidín a d’innis an méid seo dham. - Arán(leanann ar an chéad leathanach eile)