Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “An Chuinneog”
  4. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus tharraing siad an chuinneóg aníos arís, acht níorbh féidir leo aon im d'fhághail aisti. D'fhág siad an chuinneog annsin, agus ar maidin, bhí an chuinneog lán d'im.
    Cúpla lá théis sin fuair an bhean sin bás, agus oidhche Shamhna chonnaic bean a'tighe an bhean eile ar thaobh an bhóthair agus í ag déanamh maistreadh. Bíonn an t-im ar bharr an bhainne nuair a bhíonn an maistreadh déanta.
    Tógtar amach an t-im lé cupán adhmaid. Tugtar an bláthach do na muca agus do h-oibrigheadóirí na tíghe í. Is maith í lé haghaidh daoine a bheadh ag obair go cruaidh.
    Bhí fear ann uair amháin agus d'ól sé an iomarca agus phléasg sé.
    Cuireann na daoine thart timcheall na h-áite seo gad tuighe timcheall an chuinneog oidhche Shamhna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mar is gnáthach lé gach feilméar tá ba, caoirigh agus capall againn ar an bhfeirm sa mbaile. Nuair a bhíonn fear á dtiomháint deireann sé; "- hodhairt agus habha agus habha."
    Bhí fear ins an áit seo uair acht tá sé básaighthe anois. Bhí sé i n a aoraidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge