Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 036
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Buachaillín deas óg mé a thug mór gean do mnaoí...”
Buachaillín deas óg mé a thug mór gean do mhnaoí
Bíonn mé go síorraidhe i gcomhnuidhe
Ag damhsa is ag spraoidh
Dhá mbeadh gine buidhe im phóca agam
Is an cíos abheith len-íoc
Ní fhágfainn teach an ósta
Go n-ólfainn chuile phighinn'Nois a' tigheacht don fhóghmhar
Tá súil agam le roinnt
Tá súil le cúpla scór agam
Nó déaláil as a chionn
Tá fiacha i dteach an óil orm
Gan feoirling agam (a''m) len-íoc
Nac bocht an fear le pósadh mé
Gan bó agam ná laoigh'S truagh gan mé 'mo chomhnuidhe
In áit a bhfuil mo mhian
Dhá mbéinn ar shiúl an bhóthair
Dhéanfainn eolas cé mbeadh sí
Tá píosa fada romham-sa
Idir mé féin is stór mo chroidhe
Tá súil le Rí Na glóire agam
Nac bhfuighfidh aon fhear uaim í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe