Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 038
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Buachaillín deas óg mé a thug mór gean do mnaoí...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá féar fada a' fás
    In áit abhfuil mo mhian
    Tá ubhlaí blasta fásta ann
    Plúr is cruithneacht buidhe
    Béidh mil ag meach' faoí Cháisg ann
    'Mach go dtí Féil Mhíchil
    Is a stóirín más tú atá in don dom
    Ní fuide liom an oidhche
    Is iomdha cailín áluinn
    Ó Gaillimh go Tír 'n-Fhiaidh
    Bhfuil racaí in a gcúl acha
    Is a lásaí leob síos
    Síleann siad gur breághachta iad
    Ná an ghealach san meadhon oidhch'
    Ní thiurabhfainn-se mo stóirín
    Ar mhór chuid cailíní
    Chaith mé bliadhain is ráithe
    Ag brón is briseadh croidhe
    Ag imtheacht agus ag osnaghail
    Is gan fios agam cé bhfuighfinn í
    Anois ó fuair mé eolas uirthe
    Céad ghlór do Íosa Críost
    Ní caillfidh mé le chlaidhireacht í
    A stóirín geal mo chroidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe