Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Aonach an Bhalla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Teacht ó aonach an bhalla dhom
    Is mé ag tarraingt ar an Mám
    Casadh cailín óg orm
    Is í ag coonachán go h-árd
    An tusa bean an t-sean Duinín
    Is mé mo chreach is mó chrágh
    Is dhá mbéinn-se ráithe ar leaba leat
    Ní iontóchtá liom anall
    Is deas an Maor i mbaile mé
    Is níl mo dhúil san ól
    Tá béas a bhfad níos fearr agam
    Bhreágfainn cailín óg
    Shaothróchainn 'rán is fataí dhuit
    Cruithneachta is eorna mhór
    Is a Chríost nárbh fearr dhuit agat mé
    Ná Réic de bhuachaill óg
    Míle bhfearr liom agam an buachaillín deas óg
    D'éireochadh Suas ar maidin
    Is bhéarfadh dhom-sa Póg
    Rachadh ag teach an leanna liom
    Is as sin go teach an óil
    Is bheadh béas níos fearr ná sin agam
    Nuair a bheadh Na Páistí mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe