Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 368
- XML “Tomás Bhairbre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhuinntir ag ithe a suipéir acht ní íosfadh sé tada go bfeicfeadh a cháirde an culaidh nuadh air Annsin chuir sé air é. Bhí an bríste troigh ró fhada dó. Ní raibh droch ainm sa tír nár glaoidh Tomás ar an tailliúir. Dubhairt a mhuinntir leis gur fhus[a] an locht a leigheas. Dfhág sé an culaidh ar chúl an cathaoireach agus chuaidh sé a codladh. Bhain a mháthair giota de'n bhríste. agus nuair tháinig a bhean isteach bhain sí píosa eile de agus bhain sí píosa eile de ar maidin.
D'éirigh Tomás go moch an lá sin. Chuir sé an culaidh air acht ní raibh sé ag teacht anuas thar a ghlúnaibh air. Shíl sé gur rud eicínt abí air. Nuair dfhéach sé tart chonnaic sé píosa an éadaigh ar an mbord agus píosa eile ar an urlár. Ní raibh fhios aige céard a dhéanfad sé mar lá na rásaí a bhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Áine Ní Mhaolruaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe