Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imtheacht glan díreach abhaile. Tá mise faoi dhraoidheacht annso ag m'athair ó rugadh mé ach nuair a chuirfeas mise mo chos dheas ar thalamh na h-Éireann imtheochaidh an draoidheacht díom. Is minic chuala mé cainnt ar Eirinn agus is fada liom go bhfeicim í."
Chuaidh an Scológ idtír igceann trí lá inGleann an Uaisgnis [!] agus é go slán sabháilte. Bí brón mór air faoi a bheith sgartha le n-a inghean mar níor cheap sé aríamh go mbeadh sí pósta le mac Ríogh Eireann.
Tháinig mac Ríogh Eireann agus inghean na Scolóige idtír i gceann cúpla lá Bhí fáilte mór ag an máthair rómpa "Is tú an mac is fearr sa domhan" ar sise Shíl mé nach bhfeicfinn arís go deo thú - tar eis thú a bheith faoi gheasaibh ag an Scolóig droch-mhúinte sin. Pósadh é fein agus inghean na Scolóige faoi cheann cúpla lá. Chaitheadar an chuid eile dá saoghal go h-aoibhinn le na chéile agus ní raibh aon chainnt ar dhraoidheacht uaidh sin suas.- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe