School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imtheacht glan díreach abhaile. Tá mise faoi dhraoidheacht annso ag m'athair ó rugadh mé ach nuair a chuirfeas mise mo chos dheas ar thalamh na h-Éireann imtheochaidh an draoidheacht díom. Is minic chuala mé cainnt ar Eirinn agus is fada liom go bhfeicim í."
Chuaidh an Scológ idtír igceann trí lá inGleann an Uaisgnis [!] agus é go slán sabháilte. Bí brón mór air faoi a bheith sgartha le n-a inghean mar níor cheap sé aríamh go mbeadh sí pósta le mac Ríogh Eireann.
Tháinig mac Ríogh Eireann agus inghean na Scolóige idtír i gceann cúpla lá Bhí fáilte mór ag an máthair rómpa "Is tú an mac is fearr sa domhan" ar sise Shíl mé nach bhfeicfinn arís go deo thú - tar eis thú a bheith faoi gheasaibh ag an Scolóig droch-mhúinte sin. Pósadh é fein agus inghean na Scolóige faoi cheann cúpla lá. Chaitheadar an chuid eile dá saoghal go h-aoibhinn le na chéile agus ní raibh aon chainnt ar dhraoidheacht uaidh sin suas.- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway