Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 496
- XML “Seanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thioránaig nuair a bheadh sé ag dul abhaile "Sora uait a Pleidhche" ars an mháthair "Ceard tá tú indon a dhéanamh leis?" "Bainfid mé do shásamh amac" ars an mac agus deamhan cíos nó dualgas a thógfaid sé arís ort coidhche." Thosuigh an mháthair ag tabhairt comhairle dó gan dul inaice leis nó go gcuirfeadh sé an stail ar a mhullach ach níor bac sin an mac. Fuair se cuaille cuilinn agus chuir se barr [?] géar uirthi. Chruaidh sé í os cionn na teineadh agus nuair bhí an Buidheánach ag teacht abhaile an tráthnóna céadna bhí mac na baintreabhaige roimhe igceart láir an bhóthair. Sháith se barr an bheara imbrollach an chapaill D'árdaig an capall suas ar a cosaibh deiridh. Chaith sé anuas an Buidheánac agus níor éirigh sé níos mó agus sin é "áit Bhuidheánaig agus as an ainm sin bunadh Baile Bhuidheán.
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Eithir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile Dhúlocha, Co. na Gaillimhe