Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 341
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(12) Níl sé ceart sean teach a leagan mar leanfadh na sídheóga thú.
(13) Nach ceart a dhul aithgiorra ag socraid.
(14) Nuair a bhéidheas tú ag dul ag margadh an chéad duine a castar dhuit níl sé ceart aige fanacht ar an mbóthar má fhanann ní bheidh an tádh ort an lá sin.
(15) Má baintear fuil as an beithidhigh lá áithrid gon tseachtmhain ní gheobhfaidh aon bheithidheach bás ort.
(16) Ní ceart dul amach ar an loch Domhnach Cingcíse.
(17) Dá mbeadh tú ag dul ag caitheamh amach uisge ins an oidhche ba cheart duit a rádh chugaibh a mhuinntir amuigh
(18) Gur ceart snáithe a cheangal ar iarball na bó nuair a bhéarfas sí.
(19) Níl sé ceart maistreadh a dhéanamh gan crúdh capall a chur faoí.
(20) Nuair atá duine ag gabháil a pósadh más soir atá sé ag gabhail rachaidh sé soir Dia Luain agus siar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60