School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 215
- XML “Tailliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní'l mórán táilliúirí thart annseo chor ar bith. Ní'l acht aon táilliúr amháin agus sé an t-ainm atá air ná Seán Beaglach. Táilliúr, sin fear a dhéanas báiníní agus agus cultacha éadaigh.Bíonn a lán daoine ag teacht chuige le culaithe a dhéanamh dhóibh. Annsin tógann an táilliúr miosúr an duine a mbíonn an chulaith le déanadh aige. Annsin nuair a bhíos an t-éadach gearrtha aige, caithfhe fear na culaithe a theacht chun an táill-iúra, leis an gculaith a choilleadh air.'Sé an ceard is fearr é sin, mar déan-fadh duine go leor airgead ar chulaithí. Ní bhíonn an t-éadach a déantar ins na siopaí chomh maith leis na cinn a dhéanas an táilliúr. 'Sé Seán Beag-lach an táilliúr is fearr. Bíonn go leor rudai ag an táilliúr. Bíonn miosúr agus mearacáin aige.
- Informant
- Liam Ó Fíne
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Currach Mór, Co. Galway