Scoil: Drumloughan (Dromlachan) (uimhir rolla 15665)

Suíomh:
An Sonnach Mór, Co. Liatroma
Múinteoir:
Peadar Mac Giolla Choinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0221, Leathanach 012a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0221, Leathanach 012a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drumloughan (Dromlachan)
  2. XML Leathanach 012a
  3. XML “Cluain Con Maicne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dós na daoini a thiocfas annso ag bailiú bealoidis, cumadh an dán seo.

    (I)
    Ó fior-chaom fáilte is fiche rómhaibh a uaislí as gach áird,
    Is onóir dúinn bhúr gcuairt annso go Cluain Con Maicne sámh,
    Sé rún ár gcroidhe go dtaithneóch libh ár nduthaigh ársa mán
    'S (?) go mba fhada fíor i gcuimhne díbh an tráth chaith sibh n'ár lár

    (II)

    Is ársa 'gus is beannuighthe an talamh so go fóill,
    Dob' (?) árd a réim i dtráth na bhFian ar fhialmhaireacht 's ar chóir;
    Is (?) thug a díon do Ghráinne Chaoi nuair rinne sí ealódh,
    (?) a leabaidh chloc le feichéal fós mar chomhartha san go deo

    (III)

    Ar thulcaibh beag' an Chluana do shiubhail Naomh Padraig caoin,
    'Gus (?) bheannuigh gleann is teamhnach bocht, gach tóchar droch is mín;
    (?) gheall a choimirce do chách a chlaoidhfeadh leis go deó
    Go (?) neartuigh sé ár lámha fós san obair mhóir tá rómhainn.

    (IV)

    Ar pháirc áir Bhealaigh Cnocan Réid do buadhadh ar na gaill,
    Fé (?) láimh Uí Néill is Mhic na Midhe sár laochra buan gan feall;
    (?) leathaigh cáil na dtaoiseach siúd thar chríoca thiar an Chluan',
    'Gus (?) óltar dóibh a saoghal go fóill ó na Guib go h-Ath an Dúin

    (V)

    In am na bpéin ba mhó an phíán a d'fhulaing óg is críon
    Is (?) doirteadh fuill ar Shunach-Mór ag freastáil Aifrinn mhín;
    Ach sheas an mhuinntir bhocht an fód mar seasfaidh siad go deó
    'S (?) níor thréig a gcreideamh ná a dtír in eadán gach anró.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Chluain, Co. Liatroma
    Bailitheoir
    Peadar Mac Giolla Choinnigh
    Inscne
    Fireann