Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tabhairt an bhíd do mhac na bainntríghe agus niseóidh[?]. Annsan briseadh an márnéilach agus chaith sé dul ag lorg a dhéirce feasta.
Do bhí mac na baintríghe ag imtheacht agus i gceann seachtaine rith sé gearra i mbiadh. Do bhí sé ag padreóreacht annsan feachtaint an mbuaileadh aon ár[?] an treó agus tráthnóna thiar do bhuail árthach an treó[?]. Do chuir sé anáirde a chearsúir agus stad an tÁrthach agus thóg an captaóin ar bórd é. Diarrfhaid an captaóin do cad as é agus cá raibh sé ag dul agus d'inis sé do tríd is tríd. Dúbhairt an captaoin leis gur isteach go Americá bhí an tÁrthach ag dul agus mbearfhadh sé ann é s[?]
Nuair do shrois an tárthach mericá dimthigh mac na baintríghe do féin agus ní fada go bhfuair sé obair. Do scríobhadh sé go dtí na mháithir i gcómhnaidhe[?] agus ach a ngabheadh sé a phágh do chuireadh sé cuid den airgead chuiche mar bhí págh maith dho. Do bhí sé deich mbliana í meireacá agus nuair a mheas sé an tiarna talmhan agus a chuidh saighdúirí bheith marbh tháinig sé abhaile agus cuir fé i gCo Corcaighe. Aon lá amháin do bhí sé ag léigheamh ar cheann an bhúird nuair a chonnaic sé an cosaidhe[?] eadtrom ag gabháil thar feonneóg agus ag gabháil isteach. Diarraidh mac na bainntríghe so cad as é agus d'innis sé dó annsan fuair sé amach gur bé an márnéalach é a scaoil saor sé féin. Annsan fuair an márnéalach biadh agus deoch agus cead istig go deó agu mhaireadar go lán tsásta asan amach.- Bailitheoir
- Gearóid O Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás O' Céinnede
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí