School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh eagla ar na leanbhaí roimis, ach níór ghádh dhóibh san mar bhí sé mín macánta.
Seo geárr-chúnntas ar bacaig Bhaile Mhúirne:-Bhí dream bacach tímcheall annso go dtugtaí ortha bacaig Baile Mhúirne. Is ó Baile Mhúirne i gCorcaig a thánadar, agus bhí fear mór tréan na cheann ortha. Bhí maidí croise aige, agus thugtaí fear na madaí croise air. Theíghidis tímcheall ó thig go tig le chéile, agus sé seo an rann a bhí aca:-"Eirig id shuídhe, a bhean mhaith an tíghe,
Is tabhair dúinn an cíos atá fada riamhg an díol." - Is annamh a thagann lucht siúbhail go dtí mo thig ac i rith an t-Samhraidh a thagann an cuidh is mó aca. Ní h-iadh an dream ceadna a thagann i gcómnaidhe. Bíonn earraí beaga a dhíol aca ar nós, gallúnac, lása, iallaca, agus sáspain. San am san ní bhíod ac tighthe beagha ag na daoine agus aon t-seómra amháin agus ba dheacair dóibh slighe d'fághail do lucht siúbhail. Séamus an mhála mhóir duine do's na daoine a bhíod ag imteacht timceall. Oidche amháin a bhí sé ar an mbaile seo i dtig éigin agus nuair a chualaidh na daoine é do bhailigheadhar go líonmhar isteach cuige ag éisteacht leis. Nuair a bhí beirt ó'n mbaile ag gabháil an dorus isteach dúbairt duine aca:- "Feac tá dhá hata air". Nuair a chualaidh fear an mhála mhóir é seo rug sé ar fhód móna ó'n dteine agus do chaith sé ortha é agus mara mbeadh an túisce a theicheadar bhí sé facta aca. Deirtear(continues on next page)
- Collector
- Mícheal O Uallacáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry