Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí léi na trí buidéil agus d'imthigh abhaile. Nuair a bhí sí imthighthe do labhair an chéad cheann agus dubhairt "ní fheadar cad an guidhe a b'fhearr a fhéadfaimís a thabhairt do'n cailín sin anois i dtaobh go raibh sí chomh maith "? 'Sé mo ghuidhe-se dhi acht go h-áirighthe" ar san tarna ceann "ná go raibh sí seacht n-uaire níos dathamhla ag dul abhaile dhi ná mar bhí sí ag teacht agus go dtuitidh Prionnsa éigin i ngrádh léi agus go raibh rath agus seán uirthi an cuid eile dá saoghal." "Sé mo ghuidhe dhi" arsa an tríomhadh ceann "ná gach uair a labhairfidh go dtuitidh péarlaí agus ór aniar as a bhéal."
Nuair a chuaidh an leas-inghean abhaile, do ghlac fearg ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí an t-arthughadh a tháinig uirthi agus cheap sí gurbh amhlaidh a bhí an draoi ag magadh fúithe. Do thuig sí annsan ná raibh faic le déanamh acht a inghean féin do chur go dtí an tobar féachint an athrochadh sé sí. Chomh maith do dhein. Do thug sí trí buidéil di agus dubhairt sí léi dul go dtí an tobar céadna ag triall trí buidéil uisge. D'imthigh an inghean léi go dtí go dtáinig sí go dtí an tobar. Do bhí sí ag saitheadh síos an chéad buidéal, nuair a léim chúiche aníos an chéad cheann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" agus dubhairt an cailín "ní dhéanfadh go deimhin, ní bheinn ag sailiú mo lámha leo." Do sháidh sí síos an tarna buidéal chun é líonadh agus do léim an tarna ceann aníos agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" ach dubhairt an cailín nách déanfadh. Annsan do sháidh sí síos an tríomhadh buidéal chun é líonadh agus do léim an chúiche aníos an tríomhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sineád Ní Gogáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhódhráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí