Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 071
- XML “Siobhán na nGíleach”
- XML “Aistriú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nais í níor deineadh ach í chaitheamh thíos ar an dtráig mar ná ligfeadh an té gur leis an gort 'na raibh sí roimhe sin, ní leigfeadh sé thar claidhe isteach í. 'Sé deir daoine eile gurbh amhlaidh a bhí, nuair a d'árduig Chute leis í ná raibh sé a bhfad i dTráighlí aige mar maidean lá'r na Mháireach go raibh sé ar an dTráigh-Beag thíos airís agus gur b'iad na daoine matha (maithe) a thug leó airís í an oidhche sin.
Bhí sé cinn de bhailte sa Tarmain, Cinn-Áird-a'-Teampaill, Cinn-Áird- Iarrach, Tobar-na-Múdán, Fotharach-Mór, Áth-an-Charbaill agus Cam-a-Lóndraig agus nuair a bhíodh eagla an Chalara ar dhaoine bhíodh na bailte seo lán de dhaoinibh ag teiche ó'n ngalar. - Aistriú an Luain ó thuaidh
Aistriú na Máirte ó dheas
Aistriú an tSathairn siar
Sin trí rian na raibh riamh i gceart.Ar a shon nuair a dubhairt Fr Godley Aifreann do naomhóig Shéamuis 'ac Caoín a bhí thiar i mbun an Caladh dubhairt sé le Séamus i thógaint ó thuaidh annsan go dtí an gCuas mar a raibh iasg á thógaint. Dhein sé go hiongantach- an biaiste a b'fhearr a dhein sé riamh. Agus bhí iongnadh ar gach aoinne é d'aistriú ó thuaidh ar an Luan.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann