Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 096
- XML “Tomás an Éithigh”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí linn féin gur chómhartha dúinn dul go dtí'n t-Aifreann ná bheith 'nár gcuailí istig aice féin agus rud a chuir iongnadh orm féin bhí a mac féin na strapaire agus ní go dtí Aifreann ná paidreacha bhí sé i ngalar dul ach sall go Poll-a-Daimh ag feuchaint ar árthach trí gcrann a bhí ar anncaire ann. Bhí an seana-sáipéal i bhFionn Trá' an uair sin in ana droch órdú. Is amhlaidh a bhí ag na fuinneóga ann iad briste agus iad tógta le clocha suas i ngiorracht de bharra mar beadh strapa de chlaidhe agus bhí cuid de's na fearaibh amuich agus a gceann sáidhte isteach trís na fuinneóga acu nó an méid de'n bhfuinneoig a bhí osgailte le gaoith.Bhí iongnadh mo chroidhe orm féin nuair a chonnac gur b'é Fr Lawlor a' Daingin a bhí ag léigheamh Aifrinn ann mar cheapas gur daoine fiaine go léir a bhí ann is go rabhas i ndúthaig iasachta ar fad.
(gan teideal)
“Crúdhtar bó an tsneachtaig”
Nuair dalltar bó an tseacha
Is measa go mór a théigheann an sioc do bha bainne ná an sneachta. Ní cailleann na ba an bainne sa tsneachta ach téigheann an bainne in adharcaibh na mbó sa tsioc.