Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 074
- XML “Fuaras ó Dhia mar Fuair Brian Bean”
- XML “Domhnach an Vestry”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Stéimí (Stiabhna) bhí soílse ag imtheacht fean na hoidhche ahus chonnuic an parróiste iad ó'n bhFotharaig siar go Ceann-a-'Stanndail.
- Domhnach áirighthe sa bhliain bhailigheadh an pobal go léir lasmuich de'n sáipéal tar éis aifreann(aifrinn). Bhíodh saghas election acu idir dhá thaobh an pharróiste. Cloisinn na sean-daoine ag cur síos air agus mé ag éirighe suas. Ní raibh a leithéid in aon chor ann lem'línn-se ná i bhfad roimhe sin. Valuation Griffith a chuir deire leis an obair sin. Ach an taobh go n-éirigheadh leó sa chóireamh leighidís an deárna go cruaidh ar an dtaobh eile. Buaidhtí i gcómhnaidhe nach mór ar Ghabhlán agus dheine adar san gearán leis an sagart ar an gcamasdaoil a bhíodh ar siúbhal. Dhein na sagairt éirleach mar gheall ar an éageóir a bhí á dhéanamh. Peatsaí Briain a bhí i nGabhlán Thoir agus féar ocht mba déag aige. Roinneadh an talamh san na diaidh san ar triúr. Tá a gclann san ann fós. Na Gearaltaig Ghabhlán Beag na daoine ba mó a bhí ar an dtaobh san. Mar a bhfuil John L anois a bhí na Brianaig agus is as san a chuaidh Peatsaí go Gabhlán. Éagantacht is dócha a chuir ó Ghabhlán é. Bhí sé ana léigheanta agus bhí sé chun bheith 'na shagart ach d'éirig sé as(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí