Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 693
- XML “Dóiteáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san "Drom" (Paroiste Clocháin)
na chómhnaidhe uair amháin bhí droch-amhras aige ar fhear ó'n "mBóthar Buidhe" agus dob éigin do'n bhfear sin an baile d'fágaint. Táinig sé abhaile oidhche amháin agus nuair bhí sé ar aifreann an Domhnaigh a bhí ag teacht, bhí na daoine á rádh "sin é an fear a dhóghaidh na ba." Nuair d'imthig sé abhaile do shín sé amach ar an leabaidh agus fuair sé bás. Táinig na cómharsain go dtí an tórramh agus d'éirig sé aníar ar an mbórd agus dúbhairt sé leótha "an lá úd a cuireadh an t-éitheach orm, maitheadh ar mo chuid pheachaighe." Do labhair bean a bhí istig leis is arsa sí "ar bhfeacaís mo mhátháir" agus arsa an fear marbh, "chonnac, ar seisean, agus tá sí ar an saoghal so." Do shín sé súar airís agus níor labhair sé a thuille. Thug Dia an meíd sin búntáiste dho, ar é féin do ghlanadh ó'n éitheach do cuireadh air.Do fuaireas íad so ó'm athair atá 46 bl. d'aois is do fuair sé íad ó Pádruig do Mórdha atá 92 bl d'aois agus tá sé na' chómhnuidhé i mBreanndán.- Bailitheoir
- Éamon Ó Déada
- Inscne
- Fireann