Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 699
- XML “Gorta Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In aimsir an Ghorta Mhóir bhí daoine in a gcómhnaidhe i "dTír Uachtarach" gurb ainm dóibh "Longs." Bhí tig beag aca ins an áit go bhfuil tig Micíl Bhreathnaig anois. Bhí deirbhsiúr, triúr dearbhrathár agus an mháthair ann. Bhí cloch mine aca ach ní íosfhadh an mháthair í, bhí sí á spáráilt do'n gclann agus do cailleadh agus cuireadh í. Ní raibh sí caillte ach dhá lá nuair caillead an t-inghean. Bhí an triúr dearbhrathár sínte siar san chúinne leis an ocras. Ní fheádfhaidís an gráinne mine do bhácáil dóibh féin le lagachar. Sa deire thug duine aca fé dhul amach chun duine éigin d'fhághailt cun na mine do bhácáilt, ach thuit sé ag an ndoras agus cailleadh é taréis tamaill. Do cailleadh an bheirt eile.Fuaireas an scéal seo ó Mícheál Ó Luíneachán atá 65 bliana daois. Fuair sé an sceál ón a athair atá marbh anois.
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Neill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Luíneachán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65