Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 733

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 733

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 733
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mar tá a lán fotharacha ann agus fotharach Eibhlís a ghlaodhtar ar ceann aca. (P.P. 56)

    H) CÚL DRAIGNEACH
    Glaodhtar "Cúl Draighneach" air mar tá á lán tor draighin ag fás ann

    I) BARRA NA hAILLE
    Glaodhtar "Barra na hAille" air mar tá sé ar faobhar na faille

    J) CATHAIR
    Glaodhtar "Cathair" air mar bhí tig mó ann fadó agus tá binn mhór ann fós agus tá prúais ag dul ón áít chéádna suas go dtí bár an cnuic - "Clocán a Cólainn" (?) a glaodhtar ar béal an phruais. Deirtear gur na "Tuatha de Dhannans" (?) (X) a bhí i bhfolach ann fadó. Tá cuas mór in aice na páirce agus "Cuas na Catharach" a glaodhtar air.

    K) GARRAIDHE CAOL
    Glaodhtar "Garraidhe Caol" air mar páirc caol fada iseadh é.

    L) GARRAIDHE THAIDHG
    Glaodhtar "Garraidhe Thaidhg" air mar bhí fear na cómhnuidhe ann fadó dar bainm do Tadhg Ó Suileabháín.

    M) FEARANN a PHÚCA
    Glaodhtar "Fearann a Phúca" air mar tá liosacháín ann agus deirtear gur na daoine maithe atá na gcómhnuidhe ionnta

    N) GARRAIDHE FLIUCH
    Glaodhtar "Garraidhe Fliuch" air mar páirc ana fliuch iseadh í.
    O) GARRAIDHE AN CHUAISÍN
    Glaodhtar Garraidhe an Cuaisín air mar tá cuas beag in-aice leis

    P) GARRAIDHE na hAbhann
    Glaodhtar Garraidhe na hAbhann air mar tá abha ag rith in aice leis.

    X Cómhlainn (Clochán na Comhlann)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí