Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bliadhanta ó shoin bhí bean ann agus bhí sí breoite ar feadh tamaill. Thugadh an cailín aimsire a béilí dí gach aon lá ach ní raibh aon feabhas ag teacht uirthe. Bhí a céile bocht i dteannta. Oidhche amháin nuair a bhí sé 'na chodladh, tháinig aingeal Dé chuige agus d'innis sé do'n bhfear nárbh í a bhean féin a bhí ann in aon chor. Is amhlaidh a bhí sí sgiobtha ages na sidheóga agus gur sidheóg a bhí sa leabaidh in inead a mhná féin. Dubhairt an t-aingeal leis go bhfaghadh sé a chéile thar nais ach dul go dtí abha ar uair an mheadhoin oidhche agus buidéal uisge coisreacáin agus sgian coise duibhe do bhreith leis agus go bhfeiceadh sé carráiste agus sé capaill agus go mbeadh a bhean sa carraísge sin. Annsan ba cheart do an t-uisge coisreagán do dhortadh agus an sgian do chaitheamh ar aghaidh an carráiste amach. Dhein sé fé mar a dubhradh leis agus fuair sé a bhean thar nais. Tárla an eachtra sa ag abha ar a dtugtar Baile Ríoghain atá timcheall ceithre míle go leith ó Cionn t-Sáile
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Cummins
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí