Scoil: Cumán an Lín
- Suíomh:
- Comán Laighean, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seanán Mac Mathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cumán an Lín
- XML Leathanach 04
- XML “Éamonn a' Chnoic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí an tóir ar Éamonn láithreach agus b’éigeann do dul ar a theiceadh. Chaith sé a saoghal as son amach imeasc sléibhte agus gleannta Tiobraid Árann - "fé shneachta is fé shioc is dánacht aige ar aenne". Bhí sé ag cosaint ballaí Luimnigh i dteannta an tSáirséalaigh acht nuair a chuaid an tSáirséalach go dtí an Fhrainnc agus dfhág "a campaí scaoilte" do sheas Éamonn an fód, in agaidh an Riaghaltais. Is minic abhí sé igcontabhuirt agus is rí mhinic abhí sé i mbaoghal báis acht déirig leis i gcómhnaidhe a cosa do thabhairt saor leis. Ar deire do thairrig Riaghaltas Shasana céad punt ( airgead fola) don té a bhéarad ar chorp Eamoinn beó nó marbh agus, slán mar a n- innstear é, bhí fear i dTiobraid-Árann ná raibh náire air an t-airgead seo do ghlacadh agus fealltóir a thabhairt air féin agus ar a shliocht go deo(leanann ar an chéad leathanach eile)