Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 518
- XML “Stoirm Mhór - Oíche na Gaoithe Móire”
- XML “Scoileanna Scairte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar fuaid na h-Éireann.Leagadh tighthe i gCill Ruis leis. Bhí crann ag fás in-aice le tigh timcheall ar Shráid na Cathrach. Bhí phréamhacha ag dul isteach fé'n dtig. Do shéid an stoirm an crann agus leagadh an tigh beagnách.Báthadh mórán long a bhí ar thuras go dtí Americá nó tíortha san Euróip.
- In-uair na bPéinDlighthe ní raibh cead ag na Gaedhil aon sgoil Caitiliceach do bheith aca sa tír seo. B'éigin dóibh dul go scoileanna Protastúnaogj nó fanamhaint gan foghluim. In ionad na scoileanna Caitilicighe théigheadh na páistí go dtí "Scoileanna Scairte" a bhíodh cois claidhe. "Maighistir Scol Scairte" nó "Scoláirí Bochta" a tugtar ar na maighstrí a bhí ag múineadh na scoláirí. Théigheadh na páistí go dtí na scoileanna le léigeann d'fhághail. Uaireannta bhíodh an scoil aca i dtigh feirmeóra nó i bhféarlann. Théigheadh na múinteóirí ó áit go h-áit ag múineadh na bpáistí agus gheibhidís cúpla scilling ó na daoine chun a bpáistí do mhúineadh.Bhí ceann des na scoileanna seo i bpáirc Shéámuis Ó Nialláin, i mBaile Mac Aodha. Bhí beirt maighistir ag múineadh ann darbh ainm dóibh Tomás Ó Riada agus Peadar Ó Domhnalláin. Bhí meas mór ag na múinteóirí as na páistí agus bhí meas mór ag na daoine as na múinteóirí. Bíodh na maighistrí istigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Breandán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coillte, Co. an Chláir