Scoil: Birr (St. Brendan's)

Suíomh:
Biorra, Co. Uíbh Fhailí
Múinteoirí:
S. Ó Conchobhair R. Ó Huigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0821, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0821, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Birr (St. Brendan's)
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Taibhsí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I mbliain naoi gcéad is a fiche bhí fear uasal ina chómhaidhe i dtig mhór aolmhar i gCó na Gaillimhe. Bhí cailín aimsire aige agus gach oidche sara raghadh sí amach ar sguraidheacht, déanfadh sí cómhartha ana-croise air féin le h-uisce coisrighthe.
    Protastúnach do bheadh fear an tíghe agus oidche amháin thug sé fé ndeara cad do bhí an cailín dhá dhéanamh, arsa sé "b'fhearr liom an diabhal d'fheiscint ná an uisce coisrighthe." Ar an nóimeat gcéadhna do tháinig an diabhal síos an simné agus suidh sé ar gcathaoir ar lár an úrláir.
    Bain sé geit as an fear uasal agus tháinig sceón air, go mór mór mar ní imeóchaidh an diabhal amach.
    Cuir sé fios or an ministir Protastúnach ach nuair a tháinig sé ní raibh are a gchumas an diabhal a dhíbirt. i Rith na h-ama sin go léir bhí an diabhal ag féachaint ar na daoine abhí i láthair agus ag maoidheamh as an áit deas in a raibh sé in a chómnuidhe,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Cruagbell
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghráinseach, Co. Thiobraid Árann