School: Béal Feirsde / Belfarsad (roll number 16374)
- Location:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an cnoc. La amháin agus bhí se ag teacht abhaile lean an piast e. Bhain sé a chóta de agus caith se ar an talamh e nuair a tháinig an piast comh fada leis bhí sí ghá thiontughadh agus annsin dith sí suas an cóta. Bhí an fear in aice leis an mbóthar an t-am sin. Nuair a chonnaic sise sin níor lean sí níos fuide e acht d'iompuigh sí ar ais agus d'imtig sí suas go dtí an loch aríst.
Aon lá amáin bhí tuile ann mór ins an abhainn atá ag rith amach as loch Áine mar bhí se ag cur an-trom ar feadh na h-oidhche. Bhí an abhainn ag cur thar maoil agus bhí se ag dul isteach ins na garrannta ar gach taobh. Connaic fear(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Ceachmharcaigh
- Gender
- Female