Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“I n-áit ínteacht fá pharaiste na gCeall bhí dhá shaghart ann uair amháin...”
(continued from previous page)3243 20
go rabh droch Jab deánta aige. Bhain sé’n
bhaile amach, agus d’innis sé dó’n t-sean.
t-saghart goidé mas bhí.
Tá tú caillte," arsa’n sean-saghart, "mar
bhfáigh tú do chuid fola araist. Ba í sin
í nighean lúthair," arsa seisean, a casadh
duit, agus tá do chuid fola i n-Ifreann,
arsa seisean. "Béidh tú fhéin aicí," arsa
seisean, "muna bhfáigh tú araist í. "Bhail
ba dhoiligh sin fhághail. "Bhail gabh," arsa
seisean, fhad le fear dall, atá ina leithid
seo a d’áit agus iarr comhairle air.
Chuaidh sé fhad leis an fear dall annsin.
agus d’innis sé an sceala dó. "Bhail ní
thig liom-sa dadaidh a dheánamh duit," arsa
seisean, "ach tá buachaill ina leithid seo
a d’áit," arsa seisean, "agus tá na daoin
a fhághail go bhfuil sé díolta leis a diabhal,
"agus muna bhfáigh a fear sin do chuid fola
níl fhios agham goidé mas bhéidheas a chúis.
Chuaidh sé fhad leis a bhuachaill. D’innis
sé’n sgéal dó’n bhuachaill.
"Bhail gheobhaidh mise duit í," arsa seisean
3(continues on next page)