Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 046](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_046.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 046
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Ins a t-sean-aimsir bhí 'n námhaid ag 'ul siar thall Poinnte Luachruisc am Chroimail, agus é a marbhadh na ndaoiní.”
Ins a t-sean aimsir bhí ’n námhaid ag ’ul siar thall Poinnte Luachruisc (1) Am Chromhail, agus é a marbhadh na ndaoiní. Nuair a bhí siad ag ’ul siar thall teidh siad anall uatha i Sliabh a’
Tuaidh(2) solus coinnle - bean a rabh oidhre óg aicí ann astoigh i n-Úig na nDaoiní, sin an áit a rabh sí. Agus tháinic siad thart
agus mharbh siad a rabh astoigh san úig. Tá crámha na ndaoiní astoigh san úig sin ó’n lá sin go dtí ’n lá indiú.
Nuair a bhí Cromáil a marbhadh roimhe chuaidh sé isteach go h-oilean Thoraigh, agus(1) I bhparaiste Árd a’ Ratha
(2) Sliabh ar teorainn eadar paraiste Gleanncholuimcille agus par. Árd a' Ratha(continues on next page)