Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 050](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_050.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 050
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ar a Charraic a dtugad siad Padaí Ó Cuinnigeáin air agus bhíodh a diabhal a siubhal leis an uile oidhche agus an uile lá feadh fada go leór.”
(continued from previous page)throidh siad as miosúr rith na h-oidhche.
D’fhiafruigh Padaí dó’n diabhal lá thar na bhárach: " An rabh tú thoir aréir?"
"Bhí mé mo shuighe a chois na teineadha agus bhuail mé oiread leis an uile bheirt aca". Dubhairt Padaí go gcaithfeadh sé féachail le é fhághail ar shiubhal uadh.
Chuaidh sé síos fhad le saghart a bhí ins na Cealla, agus sgríobh a saghart líne dó. "Imthigh," arsa seisean, amárach agus
thug sin dó". A’ teacht dó bhí ’n diabhal roimhe; " tá tú focal goirid," arsa seisean, "níl tú i n-innibh mo chur ar shiubhal".
D’imthigh sé síos na gCeall ath-uair. "Ó" arsa’n saghart, "bhí fhios agham," arsa seisean.
go rabh tú focal goirid". Thug sé dó an dara h-uair é agus tháinic sé.
"Anois," arsa seisean, "fosglochaidh mé coraidh- sglátaí duit", adeir sé, "i gcruc
a Chaisil; agus bhéarfaidh mé lán mála de’n airgead beo(1) atá ar thóin na fairrge duit, ach na cuir go h-Ifreann
mé," arsa seisean(1)Quick-silver(continues on next page)