Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 060](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_060.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 060
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Bhí bean fad ó shoin ann, agus bhí sí go h-an bhocht sa t-saoghal air,...”
(continued from previous page)4)
3313 6
nó go dtí go rabh sé siomhfá. Rath sí amach
go dtí go bhfeicfead sí goidé thiocfadh
léithe dheánamh leóbhtha. Ní rabh fhios aicí
goidé’n dóigh a n-imtheochadh siad. Chuaidh
sí isteach fhad le fear dall a bhí ann.
"Bhfuil fhios aghat," arsa seisean, goidé
deánfas tú." Rath isteach," arsa seisean
an méid atá ann do chorp, agus bhuail
do dhá bhos ar a chéile agus abair
Tá Chruc na mban fionn le teinidh. Rinn
sí sin.
D’éirigh an uile dhuine aca ’na sheasamh.
h"Ó m’fhear ’s mo pháistí, m’fhear ’s mo pháiste.
m’fhear ’s mo pháistí, ag an uile dhuine
ariamh aca ag ’ul amach. Chuaidh a t-iomlán
aca amach. Nuair a gheobhas tú amuigh
iad," arsa seisean, bain a t-sráng de’n
túirne, agus chaith amach," arsa seisean uisge
na gcos, agus coighil a’ teinidh, na trí
nidh," arsa seisean. Ba goirid a bhí
siad ar shiubhal nuair a chonnaic siad
nach rabh dadaidh deánta ortha, agus
tháinic siad arais agus d’órduigh siad
alean,
Sin na trí neithe a bhí le deánamh aige.(continues on next page)