Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 092

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí páiste meaithte aicí, agus bhí sé seacht mbliadhna gan a siubhal.

    (continued from previous page)
    siad ariamh gur shiubhail a mhaithir isteach
    fríd a teach.
    "Tcím," arsa sise, "tá tú fada go leór annsin. Éirigh, arsa sise, agus bí ag imtheacht go h-achmair."
    "Bhail," arsa seisean, "deán giota aráin damh a bhéidheas liom". Bhí gráinín mine léithe isteach, agus ins an am sin bhí’n mín (2)
    lán fiónógaí(1), nó peisteógaí fríotha. "Dá mbeadh criathar agham," arsa sise, "nó go dtí
    go gcriathruighinn í". Sgairt sé amach i gcúl a toighe le cuid de’n bhunadh s'aige fhéin a bhí taobh amuigh. Chuir isteach
    ciothán(3) chugam," arsa seisean, agus é an lag
    i gcainnt.
    "Ó dhuine bhoicht!" adeir fear aca, "nuair a bhí na coillte chaonacháin na mbláth
    failleagáin, agus Loch Éirne ’na cam-shruthán ba deas adéarfá criathar"(4)
    "Ó cá fhad sin?" arsa’n mhaithir leis a pháiste.
    "Cúig chéad déag bliadhain agus a t-am seo," arsa seisean.
    "Bhail bí ag imtheacht leat," arsa sise, "go h-an
    (1)peisteógaí
    3) criathar (ach bhí sé cómh lag
    agus gur "ciothán" adubhairt sé.
    (4) Ráimis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1 May 1936
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant