Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title)
“Chuir a gobán t-saoir ar shiubhal a mhac am amháin, agus baicle chaoirigh leis le díol,...”
Chuir a gobán t-Saoir ar shiubhal a mhac am amháin agus baicle chaoirigh leis le díol, agus d’iarr sé air nuair a dhíolfad sé na caoirigh iad fhéin agus a luach a bheith abhaile leis fhad leisean. Chuaidh sé ’un
aonaigh agus chaith sé i bhfad agus ní rabh dol aige duine ar bith a fhághail a cheannochadh na caoirigh, agus a bhéarfadh na caoirigh agus a luach dó. Tháinic cailín amháin thart ins a deireadh agus cheannuigh sí na caoirigh agus lom sí iad, agus chuir sí an ólann leis(continues on next page)