Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title)
“Bhail fhad ó shoin bhí ceithre rí i n-Éirinn.”
Bhail fad ó shoin bhí ceithre rí i n-Éirinn.
Bhí ceithre Chúigeadh ann, agus bhí rí ar an uile chúigeadh, agus bhí Árd-Rí ar a cheathrar.
Gallachubhair a bhí ar a rí a bhí ar a chúigeadh seo s’aghainne - cúigeadh Uladh, agus bhí deárthair dó ’na rí thíos ar Chuigeadh Laigneach.
Bhí ’n dá dheirbhshiúr pósta aca, agus ba Gallachubhairí an dá rí. Nuair a d’éirighead siad amach i gcuideachta chéile annsin imeasg daoiní uaisle, (bhí ’n dá dheirbhshúir pósta ar an dá dheárthair) bhí ’n bhean a bhí
ag Rí Laighneach, bhí leacht(1) oirthí le neathannaí
(1) Bhí scéalaidheacht uirthí ; bhí íontas uirthí(continues on next page)