Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhail fhad ó shoin bhí ceithre rí i n-Éirinn.”
(continued from previous page)3394
140
ag iarraidh mo mharbhadh, agus arsa seisean, ní
mhairbhfidh tú mé, ach béidh tusa marbh roimhe
trí bhomaithe.
Bhí bunadh na tíre ag éisteacht leis a chainnt
a dubhairt a bhuachaill leis a rí, agus bhí siad
go h-an mhaith dó’n rí, agus tháinic fear
aca fart ar a cúl agus thug sé prod
dó sa dhruim. Do ghiollamán agus mharbh sé
é, agus thuit sé as a sheasamh i n-áit na
mbonn nuair a bhí sé marbh. Annsin Rinneadh
pholl do ins an áit ar mharbh sé é, agus
cuireadh síos ins a talamh é do bhuachaill
a rí, agus bhí órduighadh ag an uile dhuine
a dtiocfadh thart fada go leór cloch a
chathamh ar an uaighe, agus caithfeadh an uile
dhuine cloch a chathamh ar leacht Uí Giollamáin,
agus sé’n t-ainm a bhí ar a’ crap sa deireadh
leachtaí Giollamáin. Tháinic a rí abhaile annsin
agus níl fhios agham goidé d’éirigh díobhtha ó shoinnig
1
é dá dtiocfadh (a dtiocfadh adóirtear)
An cárnán cloch a tógadh os cionn na h-áite ar cuireadh
Giollamán