Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí tighearna fad ó shoin i nDún na nGall agus ba leis anuas Dún-gan-éille (Dúncheann Fhaoladh) agus anuas annsin - bhí sé n-a thighearna ortha.”
(continued from previous page)3591
145
344
Chuir a gasúr dhul ar mhuineal a rubhaire,
agus tharraing sé’n stól, agus leigidh
seisean a bhúire, agus d’iarr sé air a
stól a chur isteach agus dubhairt sé uach
Thug sé céad dramhaltaidh dó
gcuirfeadh
astoigh ins a rópa go dtí gur bhris sé
a mhuineal.
Chuaidh sé abhaile annsin arais fhad leis
a rí, agus d’innis sé díobhtha gur mharbh
sé an rubhaire. Tháinic siad annuas ’na
Bhearnais, agus bhí’n rubhaire annsin
crochta ins a teach aige. Thug sé leis
dá bheathadhach agus thóg sé an méid
airgid a bhí curtha aige faoi ’n talamh,
agus thug sé leis é, agus an méid
cíosannaí a bhain sé dó’n rí nó dó’n
thighearna thug sé dó é agus rann sé
thart é, an uile dhuine a dteárnadh
rubhail air thug sé a chuid fhéin dó, agus
choinnigh sé fhéin a chuid eile. (Agus
sin é sgéal rubhaire an bhearnais
(lamblis)
3