(continued from previous page)
suas ’n-a shlataire mhaith, dubhairt sé lé n-áthair
"Níl aon ghnú ’gainn athair," ar sisean, "idteannta chéile
anois níos mú agus imeód-sa dhom fhéin".
"Ná din a dhalta," arsan t-athair," ar sisean, "agus fanaimís
idteannta chéile," ar sisean, "agus bé go gcimeádfaimís
a’ bothán".
"Á thúbharfad-sa trus aríst ort," ar sisean.
Bhailibh sé leis agus do bhí sé ag imeacht air nú go dtí go raibh déunaí na h-oídhche teacht air agus do chonnaic sé solus abhfad uaig. Chuai’ sé isteach insa tig agus sula bhí tig féirimiúra. loirig sé lóisdín na h-oídhche. "Tá san lé fáilt agat agus míle fáilte," arsan
feirmiúir," ar sisean, "ach tá chúirt ansan thall," ar sisean "i
lár na feirmeach," ar sisean, "agus is féidir leat dul ínnte," ar sisean.
"Nílim chuig dul ansan in aochor," arsan garsún.
"ach mara mbeach éinne ann ach mé fhéin".
"Ní bheig," arsan féirimiúir," ar sisean, "agus mara
b’eadh," ar sisean
"túbharfai’ mé," ar sisean, "chúig phúint déug 'uit má théigheann tú ínnte anocht," ar sisean
"Ombasa féin go raghad," arsan garsún," ar sisean
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.